Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal faoi thaidhbhse
Tá sé ráidhte go mbíodh go leór taidhbhsí í nEirinn fad[ó] ag dul thart na tíre ins na h-oidhcheantaibh.
Bhí fear ag teacht abhaile ó Dhún Mór oidhche amháin go deireannach. Ag dul thar roilig dhó chonnaic sé an rud seo agus dath bán air. D'imthigh an fear leis mar bhí sé ag imtheacht roimhe sin acht d'airigh sé go raibh an rud seo ag teacht ina dhíaidh. "Cé thú fhéin" ar seisean "agus an bhfuil áon troiblóid [!] ort." "Tá" ar seisean "acht ní troiblóid [!] de'n domhan seo é." "Siubhail leat agus beidh mise leat-sa chuig do dhoras fhéin agus innseóchaidh mé annsi[n] dhuit é." Coinnigh sé ag siúbhail go dtáinic sé chuig a dhoras fhéin gur thuit sé i staic i lár an urláir. Cuireadh ar a leabaidh é agus sin níor fhág sé go bhfúair sé bás.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Grádaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe