School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 002

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 002

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 002
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    í. Thóg an dearbhráthair bocht an oidhche sin í agu[s] goid sé an tairgead uaithe. Chuir sé arís í. Lá eile tháinic sé go dtí an dearbhráthair bocht. Nuair a tháinic sé isteach, dubhairt an dearbhráthair, "o thárla nach bhfaca mé le fada thú caithfidh mé an girrfhiadh a chuir ag iarraidh buidéal fuisce." Chuaidh sé amach annsin agus cheangail sé ar thaobh an tighe é. Bhí an buidéal fuisce ag an teach an uair sin. Tar éis sgathaimh chuaidh sé amach agus thug sé isteach an buidéal agus an girrfhiadh. "Nach ionghantach an girrfhiadh é," adeir an dearbhráthair saidhbhir. Cheannuigh sé uaidh é ar dhá chéad punt. Chuaidh sé abhaile agus chuir sé ag iarraidh buidéal fuisce é, ach dimthigh sé (uaidh) uaidh. Tháinic fearg air agus rith sé go dtí an dearbhráthair bocht. Chonnaic seisean ag teacht é. Dubhairt sé le na bhean cearc a mharbhú agus an fhuil ar fad a chur i n-aon phutóg amháin. Chuir sé i na luighe sa leabaidh í agus chuir sé an phutóg faoi na muineál. Tháinic an dearbhráthair saidhbhir isteach agus cúthach air. "Ní mise is cionntach" adeir an dearbhráthair bocht ach mo bhean. Thug sé leis an rásúr agus sháith sé san bputóg é. Shíl seisean gur ina muineál a sháith sé é, mar bhí an fhuil ag teacht. "Tá sí marbh agad," adeir sé. "Déanaim é sin go minic léi nuair a chuireann sí olc orm." Fuair sé feadóg annsin agus sháith sé i na bhéal í. Déirigh an bean beó. "Nach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Threasuidhe
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Treasuidhe
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway