School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 020
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Níl mé ag iarraidh tada" adeir sé, "ach mo dhóthain le n-ithe agus le n-ól" Fuair sé sin. Nuair a bhí a dhóthain ithte aige thosuigh sé ag smaoineadh ar an gcleas gránna a rinneadar air. Thosuigh sé ag scríobadh an fháin[ne] agus shíl sé nach raibh maith ar bith ann. Tháinig an t-iollar arís go dtí é nu[air] a scríob sé an fáinne. "Mise máistir an fháinne," agus rud ar bith atá ag teastáil u[ait] caithfidh tú a fhághail." "Níl mé ag iarraidh tada" adeir sé ach mé thabhairt suas[."] Chuir an t-iollar ar a dhruim é. "Nuair a gheobhthas mise baladh an aeir béidh mé ag tuitim anuas ach éirigh thusa go léim agus teara ar an mbruach agus tharraing mi[se] suas. Rinne sé sin. "Tá an-ocras orm" adeir an t-iollar nuair a bhí sé thuas. "'S gearr a bheidheas" adeir Pronns William. D'imthigh leis agus mharbhuigh sé cúig go chaoirigh don t-iollar. D'ith sé a dhóthain. D'imthigh leis an iollar annsin agus bhí g[abha] ar an mbaile. Sé an t-ainm a bhí air Cormaic. Bhíodh Pronns William ag obair [a]g an ngabha roimhe sin. Tháinig Pronns William go dtí é lá ag iarraidh oibre agus níor [aithnigh?] sé é. Chuaidh sé ag bualadh uird. "Ní fhaca mé aon fhear chomh maith leat ó d'imthigh Pronns William uaim cheana." Ní raibh sé i bhfad ann gur chuir an bhean óg scéal ag an ngabha cróin a dhéanamh di mar a bhí ag an bhfathach sa domh[an] thíos. Nuair a fuair an gabha an sgéal sin thosuigh sé ag caoineadh mar nach raibh sé indon é sin a dhéanamh dhi. Dubhairt Pronns William leo stopadh go ndéanfaidís sórt ceann lá na bhárach. D'éirigh sé go m[och] ar maidin agus scríob sé an fáinne agus tháinig an t-iollar go dtí é, agus dubhairt sé leis an cróin a bhí ag an bhfathach thabhairt aige agus thug. Nuair a chuala agus [!] dara bean é sin chuir sí sgéal ag an ngabha cr[óin] a dhéanamh di mar a bhí ag a fathach féin sa domhan thíos agus thug a t-iollach aici é. Nuair a chuala an tríomhadh h-inghean é si[n] b'éigean di féin ceann eile fhághailt agus thug an t-iollar ai[ci] í. Nuair a chonnaic sí í d'aithnigh sí í agus dubhairt sí go mbí a[n] cróin a bhí ag a fathach féin í. Chuir sí tuairisc a raibh aon bhuachaill
- Collector
- Micheál Ó Coighin
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Cille, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Coighin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Baile na Cille, Co. Galway