School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 027
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chúl iompuighthe leis ghoid sé na caoirigh uaidh. Annsin chuaidh sé ar ais go dtí an fear agus dubhairt sé leis go raibh na caoirigh goidthe aige. Thug an fear chúig phunt dó. Lá eile bhí an fear céadna ag dul an bóthar agus tuille caoirigh aige. Chuaidh Jack isteach sa gcoill agus thosuigh sé ag méidhleach. "Sin iad na caoirigh a d'imthigh uaimse an lá cheana", adubhairt an fear. Isteach leis sa gcoill. Chuaidh an buachaill amach an taobh eile agus ghoid sé na caoirigh uaidh. Fuair sé chúig phunt eile. Chonnaic sé an fear lá eile agus ceathramha caorach aige. Chuir sé cóta dearg air féin. Tháinig sé roimh an bhfear agus d'iarr sé an cheathramha chaorach air. Shíl an fear gurb í a bhean a bhí ann agus thug sé dhó í. Fuair Jack chúig phunt eile. Annsin bhí chúig phunt déag aige agus na caoirigh. Tugadh Jack an Gaduidhe Dubh air uaidh amach.
- Collector
- Pádraic Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Pádraic Mac Dhonnchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male