Scoil: An Druim (uimhir rolla 13528)
- Suíomh:
- An Droim, Co. Galway
- Múinteoir: Micheál Ó Concheanainn

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 051
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Druim
- XML Leathanach 051
- XML “Féilí na Bliana - Lá Bealtaine”
- XML “Féilí na Bliana - Laethanta na Bó Riabhaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dheargadh chaitfheadh sé nó sí é a a chur as sul dá dtéigheadh sé amach.
Cuireann na daoine píosa chóta dearg i ruball na bó an lá sin.
Dá nightheá do lámha sa drúcht Lá Bealtaine bheadh réidhteach snátha agat. - Síad na trí chéád lá d'Aibreán iad. Bíonn an Márta ag iarraidh sean-ndaoine agus sean-bheithidhigh a chur chun báis. Bhí sean-bhó ann uair. Bhí sí an dona ar feadh an Mhárta. Níor chuir an Márta 'un báis í. Nuair a bhí sé caithte chroch sí a drioball agus thosuigh sí ag rith. D'iarr an Márta trí lá ar iasacht ar an Aibreán, agus chuir sé an tsean-bhó 'un báis. Bhí sé lá ghá cur 'un báis, lá ghá feamadh agus lá ghá cur.
Scéal eile:An chéad lá baineadh cuid den fionnaidh di, an dara lá bhí sí níos measa ná sin agus an tríomaidh lá níor fágadh blas ar bith uirthi agus cailleadh í.