School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 093
  3. XML “Ár mBeithígh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá bó agus asal agus dhá laogh againn sa mbaile. Tá ainmneacha fá leith againn ar na beithidhigh. Sicín a thugas muid ar na laoghanta. Suna-só a thugas muid ar an mbó. Jack Jack a thugas muid ar an asal. Nuair a bhíos muid ag glaodhach ortha seadh thugas muid na h-ainmneacha sin ortha. Nuair a bhíos muid ag seóladh na beithidhigh deireann muid, hó, hó. Nuair a bhíos muid ag seóladh an asail deirean muid, "Go on," "Go on." istigh san sgiobal a bhíós na beithidhigh san oidche.
    Bíonn crú ag ceangal an bhó. Bíonn an rópa faoi mhuineal na bó agus bíonn an rópa ceangailte de'n chrú. Ní bhíónn an t-asal ceangailte ar chor ar bith. Tá na beithidhigh go h-an mhaith dhúinn. Tugann síad baine dhúinn.
    Déanann na daoine droch-úil do na beithidhigh. Dá ndeireadh síad go bhfuil an bhó go maith agus gan aon Bhail ó Dhia a chur ortha, chaillfidhe a bhó. Nuair a bhíos laogh ag an mbó cuireann na daoine píosa darg ar a drioball ar fhaitchíos go dtiubhradh na Sidheógha leó í. Ní tugann cuid do na daoine amach bainne na bó oidhche ná lá Samhna, mar bíonn na Sidheóga amuigh. Tá asal ag chuile dhuine, mar ní féidir leó obair a dhéanamh san Earrach gan é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Pegí Ní Threasuidhe
    Gender
    Female