School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 501

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 501

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 501
  3. XML “An Feirmeoir agus an Cailín Aimsire”
  4. XML “Scéal an Dá Tháilliúir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cómhnuig beirt tháiliúir I gClothar fadó, agus bhíodar ag obair in aon tig amháin i dteannta chéile. D'fhanfhaidís suas ana dheidhneach ist'oidhche ag obair. Bhí buachaill aimsire agus cailín aimsire sa tig. Bhí cos tinn ag an gcailín agus fuair sí leithte lé cur léithe mar leigheas. Oidhche amháin d'fhan sí suas ag déanamh leitean, agus bhíodh sí á bhlaiseadh anois agus arís féach an mbeadh sé oireamhnach lé cur lé na cois. Dubhairt duine dos na táiliúirí go mbéadh sé ithte aice sar a mbéadh sé curtha lé na cois, ach dubhairt an cailín go mbéadh a dóthain aige féin na diaidh agus breis.
    Nuair a bhí sí ag dul a chodla, d'fhág sí pláta leithte cois na teine agus dubhairt sí leis an buachaill é chur idir an dá tháiliúir agus chuir ansan. Bhí sé á iomlasc féin sa leabaidh agus dh'úisigh an bheirt. Diarrfhaid sé do dhuine aca cé shailig an leabaidh dúbhairt sé nárbh é féin, agus dúbhairt an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Muiris O Conchubair
    Gender
    Male
    Address
    Com an Liaigh, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig O Conchubair
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Com an Liaigh, Co. Kerry