Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean agus fear ann fadó. Bhí triúr inghean aca. Bhíodar an-bhocht, agus ní raibh aon rud lé n-ithe aca, ach bhí stáca beag coirce aca agus as an gcoirce do dheinidís císte. Aon lá amháin do tháinig tarbh go dtí an stáca agus do thosnaigh sé ag iththe an coirce. Dúbhairt ceann des na cailíní go raghfadh sí féin amach agus go gcuirfeadh sí as an ngairdín é. Do chuaidh sí amach, agus nuair a chonnaic an tarbh chuige í do thóg sé ar a dhá adhairc í agus do thug sé go dtí na thigh féin í. Dúbhairt sé léith ciaca a b'fheárr léithe é féin a bheith na tarbh is ló nó in fhear is t-oidhche. Dúbhairt sí leis go mb'fhearr léithe é féin a bheith ina tharbh is ló is na fhear is t-oidhche. D'imigh sé leis go dtí an Domhan Toir agus do thug sé cead di dul isteach ins gach aon seómra ach amháin seómra áirighthe. Do chuaidh sí isteach san t-sheómra san agus bhí daoine marbh istigh ann. Do chuir an fhuil ar a cosa agus annsan do bhí sí ag iarraidh í dó ghlanadh ach ní fhéadfaidh sí é. Do chuir sí uirthe a bróga. Do bhí cat sa tig do bhíodh sé ana mhalluighthe leis. Do tháinig an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Chatháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eiblin Nic Gearailt
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an tSléibhe, Co. Kerry