School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 114
  3. XML “Cuairt na Sióg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon uair amhain do bhí bean ann agus bhí dáréag chlann aice. Bhí sí féin an-aosta san am, ach ní raibh an leanbh a b'óige ach cúig bliadna d'aois. Ba mhaith leis an tsean-bhean gal tobac a bheith aice go minic sa ló agus istoidhche leis. Aon oidhche amháin do ghlaoidh sí ar duine de's na leanbhaí a píopa do d'fhagháil di i lár na h-oidhche. Chuaidh duine acu go dtí an cistín agus chuala sí na sidheoga ag gáire is ag gáire ann. Rith sí thar-n-ais airís go dtí an leabaidh.
    Annsan chuaidh duine eile acu ag lorg an phíopa , agus chuala sise an gáire ceadna agus rith sí thar n-ais airís. Chuaidh gach duine acu go dtí an cistin mar sin, chuala gach duine acu an gáire agus rith thar n-ais airísgo dtí an leabaidh. Sa deire chuaidh an leanbh a b'óige síos go dtí an cistin, ach má chuaidh mhairbh na sideoga é. Do baineadh an oiread san de gheit as an sean-bhean gur éag si i bpoinnte boise.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Bean Uí Chinnéide
    Gender
    Female
    Age
    82
    Occupation
    Siopadóir
    Address
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry