School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 137
- XML “Paidir Eile”
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó, a Mhaighdean Mhuire ró-diadha, cuimhnigh ná bhfuil éinne riamh do chuir é féin fé'd dhion ná déibh (?) go duthrachtach ar do chabhair nó t-eadarguidhe ná bhfuigheadh sé saothrú relíf' a shláinte. Seasami ar do mhaitheas agus ar do thrócaire, caithim mé féin fé do chosaibh beannuighthe, guidhim tú go ró-iseal a mháthair an fhocail shiorruidhe chum mise do bheith ionnraic mar leanbh duit. Tóg ort fé'd thearmain mo bheatha, a Mhaighdean ró-dhílis ná bíodh sé le rádh go gcaillfí mise san áit ná fuair éinne riamh acht grásta agus slánú.
Amen.An focal Béarla "relief". (no title)
“A Chroidhe Íosa, naomhuigh mé...”
A Chroidhe Íosa, naomhuigh mé
A Chorp an Tighearna beannuigh mé ,
Fuil agus uisce a tháinigh amach tré thaobh ár dTighearna ar an gCrois, nigh agus glan ó'm peaca mé.
Amen.(no title)
“Luighim síos leis na trí...”
Luighim síos leis na trí pearsanna is aoirde i Rioghacht na bhFlaitheas, im' ghárdáil is im' dhion ó oidhche go maidin. Ó a Íosa Mhic Dé foillsigh ar an lá, is go mbeirir ár n-anam slán go Flaitheas geal na ngrást.
Amen.