School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon oidhche amháin timcheall meadhon-oidhche bhí fear agus a bhean ag dul abhaile le plúr agus min i dtrucaill. Do bhuail fear leo ar an mbóthar. Chuaidh sé anonn chúcha agus thóg sé an bhean as an gcairt agus bhuail sé leis an bhfuip í. Annsan d'iompuigh sé é féin ina mhadra dubh agus labhair sé leis an mnaoi.
Dubhairt sé lei dul isteach sa chairt airís agus shuidh sé féin ag a cosaibh. Bhí an-eagla ar an mbeirt acu, agus ní raibh fhios acu cad a dhéanfaidís. Chuireadar chum bóthair airís pé'r domhan é agus a gcroidhe ina mbéil acu le scannradh. Dhein an madra dubh comhartha agus dubhairt sé leis an mnaoi dul abhaile gan focal do labhairt.
"Má chloisim focal uaibh " ar seisean , "tiocfaidh mé airís agus stracfaidh mé as a chéile sibh."
Annsan d'imthigh sé as a radharc agus chuadar abhaile gan gíog asta.- Collector
- Eibhlís Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Dhonnchadha
- Other names
- Bean Uí Dhonnchadha
- Eibhlís Nic Ghearailt
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry