School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 143](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_143.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 143
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghrian ag dul fé do labhair Ríte léithe. "Téanam ort síos go dtí an abha" ar sise.
Nuair a shroicheadar an abha do chaith Ríte a deirbhshiúir isteach san uisce doimhinn. Do chuaidh Maire bocht síos agus síos ach tháinigh sí aníos airís:
"Ó a dheirbhshiúirín dílis" ar sise "sín anuas do láimhin chugham go dtí go n-éireochad ó'n uisce fuar".
"Fan-se annsan" ar sise , "agus beidh rioghacht m'athar agam nuair a gheobhaidh sé bás".
Nuair a chuaidh Ríte abhaile d'innis sí d'á h-athair is d'á máthair go raibh a deirbhshiúir imthighthe go dtí fleadh is ná tiocfadh si abhaile go ceann cúpla lá. An lá ina dhiaidh sin tugadh fleadh ag an bpálás mar ní raibh fhios in aon chor ag an rí is ag an mbainrioghain go raibh an banfhlaith Máire caillte. Bhí na daoine go léir an-cheanamhail ar Mháire agus amuigh san oidhche nuair ná raibh sí le feiscint tháinigh amhras ar chuid acu. Annsan tosnuigheadh an cogarnaigh is an cuir-tré-chéile agus sa deire amach le sgata fé dhéin na h-abhann. Fuaireadar an corp is bhailigh na daoine go léir timcheall ortha, iad ag caoineadh is ag gol. Sa deire nuair a bhí a ndóthain caointe acu d'éirigh sean-phiobaire , chuaidh sé go dtí an corp is bhain sé easnadh as a cliathán, is do dhein sé cruit di.
Suas leis annsan go dtí an pálás is thosnuigh sé ag seimnt do'n rí. Ceol uaigneach dubrónach do b'eadh é, is bhainfeadh sé na deora as cloich.(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Dhonnchadha
- Other names
- Bean Uí Dhonnchadha
- Eibhlís Nic Ghearailt
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry