Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal: Ceól na nDaoine Maithe.
Bhí triúr ban ag teacht abhaile ón Daingean fadó tráthnóna breagh samhraidh agus an ghrian ag dul fá. 'Sé an áit gur ghabhadar na treasna na Trágha Bige (i bparóisde Liospóil) agus ansan tré's na páirceannaibh. Agus iad ag gábháil thar lios chualadar an ceól ba bhinne dá'r chualadar riamh. D'fhanadar tamall ag éisteacht leis ach ní fhéadfaidís aoinne d'fheiscint. Dubhradar le na chéile gur bh'fhéidir leo aithris a dhéanamh anois ar an gceólagus do thriailleadar é. Chuir duine acu a méar 'na béal ag déanamh aithris ar an gceól, do sheinn an tarna bhean port feadghaile, agus do dhein an triomhadh bean babhta rinnce.
Taréis uair a chluig do chaitheamh ansan do chuireadar díobh abhaile ag ceapadh go raibh ana ghaisce déanta acu. Nuair a shroiseadar an baile thosnuigheadad ar an scéal d'innsint ach dubhairt na daoine aosta leo nár chlois aoinne riamh an ceól sin ach duine a gheobhadh máchail as, go mór mhór aoinne a dhéanfadh aithris air. Dubhairt na mná na fuaireadar féin aon mháchail as, ach mo threighid, maidion lá'r na bháireach nuair eirigheadar bhí máchail ar gach duine de'n triúr.
Bhí méar athtuighthe ag an mnaoi a chuir a méar 'na béal ag déanamh aithris ar an gceól. Béal ionntuighthe ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Nic Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56