Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an Mhináird Thiar sa pharóisde seo a rugadh agus a tógadh Pádruig Ó Briain, agus is ann a cailleadh é tímcheall le trí fichid bliain ó shoin. Daoine bochta gan talamh gan seilbh a b'eadh a mhuinntir. Saor cloiche agus dionadoír chómh maith do b'eadh é, agus chaith sé furmhór d'á saoghal ag obair ar phágh a lae do mhuinntir an cheanntair seo. Do chaith sé seacht mbliana in Aimeiricé le linn a óige, ach d'fhill sé abhaile go dtí n-a áit dhúthchais cé gur bhocht an saoghal a bhí i ndán do anso.Bhí féith na filiochta go láidir ann, agus ba mhór an cháil a thuill sé dho féin in Iarthar Chiarraidhe le na chuid dán, "Caoineadh an Athar Eoghain O Súilleabháin, Sagart Pharóisde an Daingin, an píosa filíochta ba thábhachtaighe a chúm sé. Tá an dán fá chló sa leabhar san "Duanaire Duibhneach," ach is truagh go bhfuil furmhór a chuid dán dearmhadta ag na daoine. Is mó bhéarsa a chúm sé ag moladh daoine maithe agus áiteanna deasa srl, ach is minic leis a a thugadh sé leadhb d'á theangain do dhaoinibh suaracha ná'r thaithn leis. Fear ana naomhtha do b'eadh é. Deireadh sé an Choróinn Mhuire do'n bpobal roimh aifrionn gach Domhnach i sáipéil Liospóil. Ní raibh turas(leanann ar an chéad leathanach eile)