School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 604
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá corcánín óir i bhfolach istig i Liosachán beag ar bun chnuic atá i liosnacáolbhuidhe. Glaodhtar "Liosbhuidhe" ar an áit sin. Fadó chuaidh muinntir na Tíorach á lorg, ach ní fhéadfhaidís é d'fhághail mar bhí cat mór dubh ag tabhairt aire dho. Bhí crios óir tímpeall muinnéil an chait.
Tamall na dhiaidh an chuaidh fear atá in a chomhnaidhe sa Tír darb ainm do Conn Ó Néill go dtí an Liosachán. Bhí a phóca lán do chlocha aige chun an cat do mharbhú. Nuair a chonnaic sé an cat do mhairbh sé é, agus fuair sé an t-ór. Nuair a tháinig sé abhaile chuir sé an corcán i bhfolach, ach an oidhche sin bhí gach aon cat a bhí san pharóiste lasmuigh do'n bhfuinneóig agus bhíodar ag liúirig agus ag méabhghail. Lá ar na bháireach chuir Conn an chorcán isteach san liosachán arís aguis nuair a tháinig sé go dtí an liosachán chonnaic sé an cat marbh agus cúpla cat eile inaice leis. Tháinig sé abhaile agus níor chuaidh sé go dtí an liosachán ó shoin.- Collector
- Eibhlís Ní Néill
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Néill
- Gender
- Male
- Age
- 65