School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 617

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 617

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 617
  3. XML “Seánscéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt "Neart" leis, "má stopfhaidh an t-uisge mé fanfhad in Éirinn go deó." Dubhairt a athair leis dul go dtí an sean-draoí agus go dtabharfhadh sé sin claidheamh agus culaith éadaig do.
    Chuaidh "Neart" go dtí an sean-draoí agus fuair sé an claidheamh agus an culaith éadaig. Annsan chuaidh sé go dtí bruach na fairrge, do thug sé aon léim amháin agus do sroich sé tír fé-thuinn, tháinig sé go dtí falla mór. Do léim sé thar an bhfalla agus bhí dá priónnsa déag, ag imirt camóige, ar an dtáobh eile dhe. Thosnaig sé ag imirt agus do bhuaidh sé ortha, annsan do ghláodar "Pratie Snapper from Ireland" air, Dubhairt sé leó gan an ainm sin do ghlaodhach air arís, nó go marbhóchadh sé iad go léir. Tosnúigheadar ag imirt arís agus do bhuaidh sé ortha agus do ghláodar an ainm cheadhna air. Do mairbh sé iad go léir. Tháinig "Rig Fé-thúinn" amach agus nuair a chonnac sé iad go léir marbh, bhí fearg air agus dúbhairt sé ná féadfhadh sé sásamh a dhóithin do bhaint as "Neart." Chuaidh sé isteach arís agus d'fhág sé "Neart" amuig. D'féach inghin "Rígh Fé-thuinn" amach an fhuinneóig is connaic sí "Neart" amuigh agus thuit sí i ngrádh leis. Do leig sí cliabhán óir tríd an bhfuinneóig, bhí slabhraí óir ceangailte dhe chun "Neart" do tharrac isteach. Nuair a bhí sé leath-slíghe suas do bhris na slabhraí, agus thuit sé ar an dtalamh. Do léim sé as an dtalamh agus isteach tríd an bhfuinneóig leis. D'iarr sí air an imireóchadh sé cluiche cártaí dubhairt sé go n-imireóchadh ach do bhuaidh sí air. D'iarr sé uirthe cad a dhéanfhadh sé di, dubhairt sí leis ná féadhfadh sé choladh do dheanamh ins an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Ní Néill
    Gender
    Female
    Informant
    Breanndán Ó Néill
    Gender
    Male