School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 633

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 633

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 633
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    duin'úasal agus bhí sé ar buile. D'innis sé a scéal do agus chuaidh Seán go dtí an ait cheana. Chonnaic sé an fear ceadna agus dúbhairt sé go raibh "Trelis bhreilis Mháire" ag teastáil úaidh. Núair a raghadh tú abhaile scaoil saor an bhó bhán atá anaice an duiris, annsan suigh súas ar an íarta, agus gach aon úair a thiocfaidh an bhó anaiche na teine," buail í leis an batha san". Chuaidh Seán abhaile leis an mbata. Do scaoil sé an bhó bhán, chuaidh sé anáirde ar an íarta. Annsan chuaidh an bhó bhán mór - thimceal an tige agus chuaidh sí anaice na teine. Do bhuail Seán í. Rug Máire ar earball na bó agus do cheangail sí do'n earbhall. Annsan do rug an duin'úasal ar an earball agus do ceanghail sé sin leis de. Tháinig na cómhairsin go léir isteach agus do cheangaileadar go léir den mbó. Do chuaidh an bhó amach an dorus. Chuaidh sí go dtí bruach na faille. Do bhog an duin'úasal dá ghreimn. Cuaidh Máire leis an bhfaill agus na cómhairsin go léir léithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0571: “All Stick Together”
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Gruiméil
    Gender
    Male
    Informant
    Eóghan Ó Néil
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Tír Íochtarach, Co. Kerry