School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 641
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí buachail 'na chómhnuidhe i Mullach Bhéal agus chuaidh sé ag obair go dtí feirmeóir i bhí na chómhnuidhe san "Drom". Do dheineadar margad dá gcuirfeadh an feirmeóir an t-éitheach ar an mbuachaill go gcaithfeadh sé céad púnt a thabhaird do. Lá amháin bhíodar ag innsint scéalta agus thosnuig an buachaill ar scéal. "Tá beirt dritheár agam" ar seisean, "agus bhainfeadh síad céad acra d'fhéar, in aon lá amháin". "Lá amháin," ar seisean, "bhí ceann de'm dritheáracha ag dul go dtí an séipeal, do fuair sé dreanncaide á phriocadh. Do rug sé uirthi agus bhain sé an croiceann di, agus chuir sé 'na phóca í. Nuair bhí sé ag dul abhaile chonnaic sé cruithneacht ag fás istig i bpáirc agus líon sé croiceann na dreanncaide de'n chruithneachtain. Thug sé an chruithneacht do'n chráin agus fuair an chráin treighid na bolg. Thiomáin sé í go dtí an tráig chun í leigheas, agus níor bhfada go raibh banbhaidhe aici. Bhí déanamh fir ar cheann aca agus bé an fear sin "mise". "Tá an téitheach agat arsan feirmeóir". "Tabhair dom mo chéad púnt arsan buachaill," agus dob éigin don bhfeirmeóir an chéad púnt do thabhaird do.
- Collector
- Éamon O Déada
- Gender
- Male
- Informant
- Éoghan Ó Néil
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Kerry