School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 684
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Síad na fir dob' fheárr chun úalaighe troma do thógaint a bhí sa dhá pharóiste seo ná:-1) Tomás Breathnach (Tomás Mór) (ó Arra Gleann)
2) Pádruig d' hÓrda (ó Liosnacaolbhuidhe)
3) Nioclás d'Mordha (ó Liosnacaolbhuidhe)A) Bhí Tomás Breathanach (Tomás Mor) ábalta ar deich gclocha(?) mine a thógaint ó Clochán ar a dhrom isteach go dtí Arra Gleann gan aon stadB) Bhí Pádruig d' h-Órda ábalta ar chéachta mór íárrain do chur ináirde ar a dhrom ó'n dtalmh. Bhí sé ábalta leis mála mór mine na mbíódh cloch is fiche ínnti a chur óscionn na rálach isteach i gcairt chapaillC) Bhí Nioclás do Móradh ábalta ar bearta móra a thógaint ar a dhrom. Lá amháin chuaidh sé go dtí an gcnoc chun beart aitinn do thabhairt abhaile leis. Do bhain sé an t-aitean agus núair a bhí sé ag teacht abhaile chuir sé an beart ináirde a dhrom on dtalmh. Bhí trí céád meadhchaint san mbeart agus thug se an beart ar a dhrom tímcheall trí míle.
B'iad na Amharaidhthe dob fhearr a bhí sa paróiste seó ná 1) Pádruig O Muircheartaig (An Pílir)
2) Padruig do Móradh (on gCé) a) Bhí Pádruig Ó Muircheartaig ábalta ar an "mbuacaill mbán" do radh go hana mhaith.b) Bhí Pádruig do Moradh ábalta ar an "mbuacaill caol dub" do chantan go bínn.
Séamus d'h-Ordha Rang VIII
Fuaireas iad seo om' atair atá 59 bl.- Collector
- Séamus d'h- Órda
- Gender
- Male