School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 686

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 686

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 686
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nó gur chualadh Seán na coilig ag glaodhach a gConntae an Chláir.

    Oidce eile bhí Seán Ó Tuatha agus a athair agus fear do's na Dubhain's, ag íascaireacht, do bhíodar a bhfhad amach san bhfhairrge nuair do tháínig gála mór ghaoithe agus dubhair tan Dubhanach leó na líonta do tharrac. Do thairigeadar na líonta, agus do tháinig gála eile agus di,ig an h-ata as cean seana Mhicí agus chuaidh sé sa spéir. Bíódar ag tarrac leó nó gur thánadar go dtí Poinnte na Ranna do tháinig chóc eile annsan, agus do tháínig punanna ó gháírdín éígin i dTaobh an Chnuic isteach san naomhóíg. Iascairí ó'n gClochán dobeadh íad agus chaithfhidí an Clochán do bhaint amach gach aon oidhche. Bhíodar a sáth leó chómh maith is dob fhéídir leó agus an naomhóg ag dul síós suas agus na tontacha ag briseadh isteach innte. Nuair do chuireadar "beal a bhorradh" dóibh bhíodar sábhálta agus do thánadar go dtí an Clochán sa deire. Do tháinig seana h-ata Micí isteach a cuan a gConntae an Chláir do bhí fear ó'n Clohcán na chómhnuidhe a gConntae an Chláir agus d'aitnig sé an h-áta. Do chuir sé teachtaire go dtí an Clochan feachaint an raibh Micí na mbeathaigh agus nuair do chualaidh sé go raibh chuir sé an seana h-ata abhaile chuige.

    Fúaireas íad seo ó'm mháthair atá 64 bl. d'aois. Chualadh sí sin íad ó'na sheana mháthair atá marbh anois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhruig Ó Loinghsig
    Gender
    Male