School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 726
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad na hainmneacha páirceanna, srutháin, cnocáin, etc atá i dTír Uachtarach i bParóiste Bhreandáin.
"Garraidhe na nGabhar" Mar bhíodh gabhair ann fadó.
"Páirc na bportaithe" Mar is annsan a bhíodh an portacha fadó ag na daoine
"Páircín Joan" Glaodhtar "Páircín Joan" uirthi sin, mar bhíodh beithidhigh annsan bpáirc fadó agus théigheadh bean ag crúh na mbó agus sé an ainm a bhí uirthi ná "Joan Ní Uallacháin".
"Garraidhe Thaidhg" Glaotar "Garraidhe Thaidhg" air mar bhíodh beithidhigh ann agus bhíodh "Taidhg Breathnach" ag tabhairt féir dóibh.
"Garraidhe na hAbhann" Glaotar "garraidhe na hAbhann" air mar tá abha ar gach taobh de.
"Páirc Mor" Glaotar an "Páirc Mor" uirthi seo mar tá sí ana mhór.
"Garraidhe fada" Glaotar "garraidhe fada" air mar tá sé ana fhada is caol.
"Móinfhéar na gCloch" Glaotar "Móinfhéar na gCloch" air mar tá sé lán de chlocha.
"Páirc garbh" Glaotar "Páirc Garbh" uirthi mar tá sí lán de chlocha agus sceacha.Ar na Carraigreacha: - tá -
"Carraig a Chaipín" Mar tá tor aitinn agus fraoch anuas uirthi ar nós caipín.
"Carraig Teabhrach" Glaotar Carraig Teabhrach(continues on next page)- Informant
- Domnail Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 79