Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)

Suíomh:
Curraheen, Co. Kerry
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 235

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (C.)
  2. XML Leathanach 235
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mhaith an cuideachta í. Do bhí sé ag giorrú an bhóthair dó féin ar a dhícheall. Nuair a tháinig sé go Crois na Ceárdchan do bhí an bhean roimis airís.
    Dubhairt sé i n-a aigne féin dá dtabharfadh sé a aghaidh ar bhóthar na Leitreach ó dheas, nuair a gheobhadh sí san uaigneas é, go marbhóchadh sí é.
    Do tháinig saghas faitchíos air mar bhí sé ana-dhéannach san oidhche.
    Bhí duine muinnteara dhó ina chomhnaidhe tamall i leith ó Chrois na Ceárdchain, agus dubhairt sé leis féin go mb'fhearr dó glaodhach air agus d'imthig sé fé dhéín an tighe. Nuair a chuaidh sé inaice an tighe do bhí an bhean roimis agus do thosnaig sí air, agus do thosnaig an bheirt ag troid le na chéíle agus do bhí an bhean ag fághail an láímh uachtair air. Do ghlaoidh sé ar fhear an tighe agus dubhairt sé an doras d'oscailt dó. Do chualaidh fear an tighe é agus do las sé an solas agus d'oscail sé an doras. Do theith an bhean agus d'imthig sí ar buile agus do thuit an fear 'na chnap ag an

    (lean ar leath a 37)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Séaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Reennanallagane, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Shéaghdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Reennanallagane, Co. Kerry