Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 160
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fionán Ua Muircheartaigh; Cill mac Ciarainn a Athair. 60 bl.Liosanna:
1. Tá so i bhfeirm Dhairmuid Uí Mhathghamhna ar thaoibh an phóirse ar an sliabh.
Cur síos:
Claidhe timpeall air, cheithre troighthe ar aoirde agus tá uain fé thalamh ann. 2. Ceann eile i bhfeirm Sheáin Uí Shúilleabháin ar an Málainn. Tá so i n-aice an Chnuic ar bharr na bpáirceannn’. Deirtear go bhfuil pasáiste fé thalamh annsa ón áit seo go réathail.
3. Ceann eile i bhfeirm an Ghearaltaigh i gCeann eich agus tá suidhthe ar thaoibh an bhóthair phoiblidhe agus i lár na páirce4. I bhfeirm Sheáin Uí Shéaghdha ar an dTullaig tá ceann eile acht níl ann acht an rian anois.5. I bhfeirm Mhichíl Uí Shúilleabháin sa tsliabh.6. I bhfeirm Sheáin Uí Shéaghdha Cill mac Ciarainn tá rian dhúin.Sa chnoc lasmuigh de sin tá poll sa talamh agus deirtear go bhfuil baint ag san leis an dún san.- Bailitheoir
- Fionán Ua Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry