Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 159
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean ann fadó. Beaintreabhach do beadh í...”
Pádraig Ua Súilliobháin Cúmastabha 70 bl.1.
Bhí bean ann fadó. Baintreabhach do b’eadh í. Bhí triúr mac aici agus buachaill aimsire darab ainm do Brian. Chuaidh Brian lá go dtí an tráigh. Bhí árd mheas aici air. An lá san bhí sí ag sníomh is chualadh mac léi ag amhrán í acht níor thuig sé í. Chuaidh sé go dtí an doras shiar a’s do labhair sí annsan ós árd.Adhbhar léine, Adhbhar léine
Abhbhar léine do Briain
Adhbhar léine, dhá léine
Trí léine sa bliadhain
As an cuid eile anairt i n-ainm an DiabhalTháinig an mac isteach. Do láimhseáil sé an tuagh agus do chuir suas faobhair. “Bainfead an deann do Bhrian anocht” ar seisean. ‘B faire ná dein.’ “Is fear maith Brian chun an tigh a chomeád díbh” ar sise. “Má mharbhuigheann tú Brian cá mbeidh an méid a thuill sé raimh uainn le fághail agus rud eile crochfaidh a muinntir sinn.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí
(gan teideal)
“Bhí cailíní theas i gCathair Sabháin a chuaidh go lóthar chun iasc do cheannach...”
Bhí cailíní theas i gCathair Sabháin a chuiadh go Lóthair chun iasc a cheannach. Nuair a thángadar abhaile ‘sé ans sgéal bhí aca ná go ndéarfaidís gur thugadar raol sa bhreis ar an iasc. Bhí Seán ns Saoi ‘na chodhladh mar dheadh. D’eirig sé agus dubhairtChuaidh a dá Mháire
Cáit agus leán
Agus soláthar éisc chun an tighe
Thángadar san áit na raibh daor
Agus coimeádadar raol chun an dighe.Bhí sé chun tuille a rádh acht do tugadh fiacha an tobac do.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí