School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 177
- XML “An Tinneas Fiacaile”
- XML “Airgead an Chait”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ach is amhlaidh mar tá an sgeal, do sheasochainn ar mo cheann dá mba dóig liom go mbainfeadh sé an tinneas díom."Chuaidh Taidhg ar a ghlúnaibh i lár an úrlair. Do sheas an fear eile os a cionn. Dá mb'é an sagart a bheadh ann ba dhíthceall dó bheith leath chomh-cráibhtheach, ná chómh beannuighthe, ná chómh mór dáíríribh, mar dheadh, agus bhí Donnchadh. Thosnuigh an phaidir seo -"Tinneas fiaicle agus an diabhach ar intinn
Agus nár fhágaidh an phian san an fiacail choidhche."Airiú, a mhuiricín! léim Tadhg as a chorp agus thug séap fé'n dtlú, ach ambasa bhí an cleasaidhe bailighthe leis, agus ba mhaith an bhail air go raibh. B'fhada 'na dhiaidh sin gur chuir sé a chos thar tairsing i dtig Thaidhg airís. - Bhí cat ann fadó, agus ba bheo-bhocht dealbh an créatúir é. Ní raibh sa tsaol aige acht trí leath-pinginní, ach chuir sé crích mhaith ortha. Thug sé an chéad leath-phingne ar dhearmhad bean 'a tighe, sé sin, go bhrághfad bean a' tighe bainne fé n-a bhrághaid, an dara leath-phinginn ar radarc san oidhche, agus treas leath-phinghinn ar leabaidh, deas, chluthar i gcomhnuidhe.
Nach maith ar chrích a chuir sé ortha, agus nách aige a bhí an chiall! Tá na nidhte sin aige riamh ó shoin.