Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Béaloideas (ar lean)
“Neithe nár cheart iontaoibh a bheith asta:”
(ar lean ón leathanach roimhe)Guth, féile agus filíocht.Cad iad na trí nithe nách aon chabhair bheith ag gabháil dóibh?
Bheith ag adú tine ar loch,
Bheith ag caitheamh cloch le cuan,
Bheith ag gabháil de ribe ar iarann fhuar.Ciocu is sia a théann teas nó fuacht?
Comhfhaid a théann teas agus fuacht,
Comhfhaid a théann fuath agus grá,
Ach nuair thigeann éad ar a’ mnaoi
Fanann sé uirthi go brách.Seanfhocal.
Ní luaithe ar an ngaoith ná ar intinn mná.Tairngreacht Cholam Cille.
An chéad aon :- Mo léan Loch Léin gan daingean ar bith.
An tarna haon :- Ní bheidh éinne i nDúiche Ealla dem shliocht.
An tríú haon :- Is claon agus is cleasach é a gcoir.
An ceathrú haon :- Is baol don eaglais ansan.
An cúigiú haon :- Is daor a bheidh talamh acu.
An séú haon :- Gur tréith a bheidh Gearaltaigh.
An seachtú haon :- Gur tréith a bheidh mairbh ar muir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Drom an Ailigh, Co. Chorcaí