School: Cnoc Sceach, An Léim (roll number 10603)
- Location:
- Knockskagh, Co. Cork
- Teacher: Ss. Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Sceach, An Léim
- XML Page 026
- XML “Branda”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Agus brannda lem chroide thu gach oidhche á mbím fuar
Agus brannda lem chroidhe thu gach oidhche a mbím uait.
Dá bhfaighinn brannda breágh bríoghmhar agus caitin ciúin suairc
S ró bheag do dhéanfainn de colda ná suain
II
Agus brannda dob fhearr liom gach lá gheóbhainn an tslíghe
I bhfochair mnaoi an tábhairne dob fhearr liom sa suidhe
An gloine ar an gclár is gan fán ar é dhíol
Ag póga ban bréaghtha is nár bhreágh i ár slighe
III
Sé deir máthair mo chéile liom nuair fheáchann sí ann dheóid
A Cómhairle do dhéanamh agus géille dá glór
Gur bé deirim-se lé siúd ná géillfead ná stróc
Ach dhá aéridheacht slighe Éireann gur bí leanfad go deó.
IV
Gura dúbhach dealbh céasta a bheir féin a mhic ó
I bhfad ód buidhin shaolta is gan [?] acu beó
Do leinbh ag geár ghab is tú fein i dtig an óíl
Glac cómhairle 'nois féinig is geóbair céad giní óir(continues on next page)