School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 136
  3. XML “Triail na nAsal fén gCéacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear bocht go raibh páircín le treabhadh aige. Ní raibh aon chapall aige agus do thriall sé na h-asail fé'n gcéacht agus chuadar 'na choinne. Bhí file darab ainm Seán Ó Lombáird a'feachaint ar a'spóirt agus dhein sé an t-amhrán seo ag magadh fútha:
    "Bhí páircín coinnleach ullamh agam lá Márta chun treabhadh
    Agus soc is colltar gleasta 'gam go h-álainn ón ngabha.
    Do ghlaodhas ar mo theachtaire, Diarmuid Siotara dob' ainm dó,
    Chun dul i ndiaidh na n-asal do bhí ar pháirc eile a'damhas.
    Dá mbeadh sé a'fuadhach na n-asal i n-aonair gan ao'chabhair,
    Go deimhin ní bheadh siad gabhtha 'ge i gcóir laé deire a'domhain,
    Mar do bhí a'crith le h-eagla agus mise féin a'gol mairgeach,
    Agus tímcheall beal an eadartha bhí ár bpáircín a'threabhadh.
    Bhí Paid Sheáin Diarmada 'na sheasamh ann agus dob'árd a bhí a cheann.
    Dubhairt sé "Scaoil anuas mo h-asal-sa chun go dtéighead-sa ar a ceann,
    Mar do bhí sí indé ar mhargadh agus do bhí sí a'rith 'ndiadh asal-a
    Agus b'fhearr lem'athair marbh í ná aon fhód a threabhadh."
    B'é Diarmuid Siotara an "ploughman" dob'fhearr a bhí sa domhan.
    Do threabhfadh sé na leachain
    dhuit go slachtmhar is go sleamhan,
    Mar do bhí sé a'treabhadh i Sasana, is do bhí sé i bhfad i n-Albain
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork