School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Page 132
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Buachaill aimsire a bhí ag alpadh a bhricfeasta i láthair a mháistir...”
Buachaill aimsire a bhí ag alpadh a bhricfeasta i láthair a mháistir, agus tháinig éad ar an máistir cuige toisig an ghoile a bheith chomh maith aige. Chuir an máistir cainnt air mar seo: "Nach greanamhar é an goile a bheith mar sin agat agus gan pioch de agam-sa." agus seo mar d'fhreagair an buachaill é:
"Dá n-éireochthá ar maidin is an talamh a chuardach
Luighe ar obair is do bholg a shuathadh
Dul sa scioból agus asair a bhualadh
Do bheadh do ghoile agat chómh maith led' bhuachaill." Fear a d'imthigh ar fán ó bhaile agus seo a'turasgbháil a thug cómharsa leis air:
"Fear caol árd dubh
Fad leicneach breicníghe
Féasóg naoi lá air
Agus glór a'bhárdail aige."(no title)
“Fear a d'imigh ar fhiáin ó bhaile...”
Fear a d'imthigh ar fáin ó bhaile agus seo a' tuarasgbháil a thug cómhasa leis air:
"Fear caol árd dubh
Fad leicneach breicníghe
Féasóg naoí lá air
Agus glór a'bhárdail aige"- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Dunowen, Co. Cork