School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 172

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 172

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 172
  3. XML “Mochtaí Luath na Féabuis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1.
    Éist go fóill lem' scéal-se, i n-Inis Féile 'seadh bhím-se
    I gcoill cluthmar íseal fí binn-ghuth na n-eón
    'Seadh chuala a'ceisti' taobh liom an bhéaba is í sínte
    Gárda acha 'na tímcheall agus í acha faoi gheóc
    2.
    Bogaidhígh ar bhúr ngreamanna ar sí, coidhche beifear scartha libh
    Tá Ó Conaill a'plé le fad dhíbh is a'glanadh na slighe rómhaibh
    Geallaim feasta dhom' cáirdibh go mbeidh cráinte is bodaigh fill
    Go fánach gan fághalthas ins an áitreamh seo fós
    3.
    D'fhiosruigheas de'n spéirmhnaoi, an tú Déirdre nó Iúnaí
    Nó aon bhean de'n triúr do phléigh an t-ubhall aoibhinn óir
    Nó an fíor gur tusa Céarnait do dhein an chead muilleann a chúmadh
    Nó Díonactéana do bhí tréith-lag gan treo?
    4.
    Nó an tú Hélean ó'n nGréig do threastail chughainn
    Do dhóigh a'Traoi 'na lasraibh le Diarmuid gan cóir
    An tú Banba nó Téitais, beandéithe,
    Nó an mar a stiúradh ó bhárr na Deilbh Dúngach na dtrúpibh ar bord
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork