School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí feirmeóir bocht ann agus a bhean agus bhí aon inghean amháin acha. Do phós an inghean agus do tháinig fear óg cliamhain isteach chucha.
Tamaill t'réis iad a phósadh do bhí an bhean óg 'na suidhe ag a'teine agus d'fheach sí suas a' t-sinné agus má dhein bhí sceón 'na súilibh ar ball agus d'fháisc sí ar gol. Bhí na gualaineacha an-láidir ins na sean-tighibh agus do bhí leach amach ar fad sa cheann seo. 'Nuair d'fáisc an inghean a ghol tháinig a mháthair cuiche agus d'fhiafruigh sí di cad abhí a'cur uirthe.
"A mhama" ar sise "féach anáirde an leach sin agus 'nuair a bheidh a'lanbh ar a' dtínteán tuitfidh sé anuas air agus marbhóchfar é" "Ó Dia linn" arsan máithir "tá ceart agat". Seo isteach an seanduine agus d'fhiafruig sé dóibh cad na thaobh go rabhadar ag gol agus d'inniseadar dhó. D'fheach sé anáirde. "Ceart agat a laogh" ar seisean agus d'fháisg sé ar gol. Seo an triúr a'gol go fuigheach annsan agus tháinig an fear óg isteach. Chuir sé ceist ortha ach bhí an brón chómh mór san ortha ná feadfaidís é a fhreagairt.
I ndeire na báire bhain an seanduine searradh as féin agus d'innis sé fáth a ngolairt do'n fear óg.(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Ballyluck, Co. Cork