School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí an Gobán Saor an saor cloiche dob fhearr a bhí i n-Éirinn an am san.
Do thóg sé a lan cúirteanna i n-Éirinn agus caisleain bhreágha. Níorbh fhéidir buadhachtaint air, go rith a'ráfla idir dhá cheann na h-éireann. Do bhí a'ráfla chómh mór san ar fheabhas a chéarduíochta go bhfuair rí Shasana fios air agus do chuir a'iarraidh air chun go dtógfadh sé caisleán dó.
Do chuaidh sé féin agus amhach anonn agus seo a' tógaint a'tíghe iad le h-órdú a'ríogh. Do bhí sé nách mór críochnuighthe aige agus do bhí a leithéad sin de mhórdháil ar a'rí na thaobh go raibh eagla air go dtógfadh a'Gobán ao' chúirt eile agus go mbeadh sé chómh breágh le n-a chúirt féin agus do cuireadh cogar ar bun le h-iad a mharbú.
Do fuair a'Gobán faisnéis éigin air agus dubhairt sé leis a'rí ná feadfadh sé a'caisleán do chríocnú, go raibh uairlis nheag i nÉirinn 'na dhiaidh agus dá mbeadh sé aige go mbeadh sé ar muinín na muice. D'fhreagair a'rí go gcuirfeadh sé a mhac, mac a'rí, á iarraidh 'fáin ná leagfaí é féin anall i nao'chor. Nuair abhí mac a'rí ullamh chun teacht, dubhairt a'Gobán leis go dtabharfadh a bhean an úirlis dó agus gurbh é an ainm a bhí uirthi,(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork