School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 223
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá lios i nDún Eoghain. Tá ceann eile i gCeathrú Leasa agus tá ceann i Lios Dubh. Bhíodar san lán de phúcaí insan sean-aimsir. Bhí ceann ortha do chomnuigheadh i Lios Dubh go dtugtaí Cnap a' Leasa air. Maidin áirithe bhí fear ó'n áit seo ag iascac le slait sa charraig go lán moch ar maidin. Ar amharc dár thug sé amach sa bhfarrige do chonnaic sé rud éigin a' deunamh air agus uisge aige a'chur san aer le neart coisidheachta. Níor bhfada go bhfaca sé níos soiloíre é mar ná raibh sé i bhfad a'teacht giorrachta agus cad a bheadh ann ná fear agus capall. Tháinig sé i n-áirde sa charraig agus do labhair sé mar seo leis an iascaire:- "Eirigh anáirde ar a' gcapall so agus téighir suas so leas Lios Dubh agus fiafruigh de Cnapa a' Leasa cathain a racaidh Dromaníar go Fláitheas Dé agus tar fúmsa gan mhoill le freagra. Bead-se ag iascach duit annso fad a bheir ar a'dturas." Chuaidh sé anáirde ar a gcapall agus níor dhein cú riamh 'ndiaidh gré chomh luath is do chuaidh an capall suas go Lios Dubh.
    Do stad an capall uaidh féinig is do glaoidh an fear amach ar Cnap a' Leasa. Do chaith sé a glaodhach trí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    English
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork