School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn súil in áirde againn i gCionn t-Sáile gach Nodlaig le Lá le Stíopháin. Ar an lá san bíonn buacaillí an dreóilín ag gabháil timcheall, ag déanamh súilt agus spóirt do mhuinntir an bhaile agus ní h-é a ndearmhad airgead do bhailiú don dreóilín. Geallaim dhuit go bhfuigheann siad a ndothain mar bíonn fáilte ag gac aoinne rómpa de ghnath. An lá roimis sin, Tagann sgata buacaillí le chéile cun iad féin d'ullamhúghad i gcóir an lae amáireac. Geighinn siad tor cuilinn agus cuireann siad páipéar daithte ar sileadh leis agus nead i lár an tuir. Leigeann siad ortha go mbíonn an dreóilín istig ann. Ansan solathruigheann siad gac saghas éadaigh éagsamhla mar atá, culaith mná, gúna agus háta cailín hata cruaidh agus casóg eirbaill don chaptain agus gac saghas gléiseanna ceoil mar atá orgán beil bucéad stáin trúmpa stáin agus mar sin de.
Bíonn siad go léir 'na suidhe go moc an lá úd agus iad gléasta suas na gculaithí dreóilín, aghaidh feidhil ar foth dhuine aca agus aghaidh dhubh ar(continues on next page)- Collector
- Eílís Ní Súirdáin
- Gender
- Female
- Address
- Kinsale, Co. Cork