School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I lár na semhadh aois bhí Cionn t-Sáile fé Choimirce Naomh Gobáin. An Naomh Ailbe Easbog Imligh a cuir go dtí an baile é. Chuir sé Mainistir ar bhun in ár chomhniugh na Canonacha Riaghaltha.
Meastar gur d'órd Naoimh Doimnic iad. Bhí beirt dearbhráthar ag an Naomh - Sédna agus Eilthan.
Thánaig Sédna ar cuairt chun an bhaile agus fuair sé bás ann. In a dhiaidh san bhí Eilthan mar abb ar an mainistir a thóg Gobán agus tá an baile fe'n a coimirce go dtí an lá indiu ann fé aimn eile - Naomh Meiltheogh. Thánaig an ainm sin ó ainm ceana a baisteadh ar Naomh Eilthan = "mo Eilthan óg". "Teampall Mheilteog" an ainm atá ar an dTeampall galdla atá i gCionn t-Sáile.
Sa bhliadhain milé cead is nócha seadh do thoghad é. Eaglais Caitliceach b'eadh í ar dtúis ach fáriór! do ghabhadh í. Is eol dúinn go raibh ár dtír fé bhráca an bhróin le linn Eilíse, fé mar do bhí roimhe agus i na dhiaidh. Deineadh Eaglaisí do ghabháil as éadan an tráth san. Níorbh taise go Cionn t-Sáile an milleadh agus an scriosadh agus tá Teampall Mheilteog i seilbh na bprotustún ó shoin i leith.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Bhuachalla
- Gender
- Female
- Address
- Kinsale, Co. Cork