School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cionn t-Sáile - Ceann Sáile - Is follus ó ainm ársa seanda an bhaile seo go bhfuil sé cois fairrge. Sé míle déag siar ó dheas de Chathair Chorcaighe atá cuan Cionn t-Sáile. Bhí aimsear ann i na raibh láthair an chuain seo i na thalamh tirim. Is eol dúinn ná raibh Éire i na hoileán i gcómnuidhe fé mar atá sí anois. Cuid de'n Mhór Roinn b'eadh í - An Mhór Roinn a shín soir isteach in lar-Thuaisceart na hEorpa, agus amach sa bhfairrge ar an dtaobh eile chun na háite i na bhfuil Tuaisceart Mheiriceá indiu. Bhí Éire i na fásach an uair sin. Is san tráth úd a rinneadh an t-sean-chloch-ghainimh dhearg atá mar chnámh[?] in lar-Dheisceart na hÉireann agus atá le feicéal ar na sean-bhóithribh gharbha i gCionn t-Sáile gus indiu.
Le linn an ama in ar leagadh an chloch-ghainimh bhí talamh fosach siar ó dheas de Chiarraighe agus de Chorcaigh, áit ina bhfuil(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhonnbháin
- Gender
- Female
- Address
- Kinsale, Co. Cork