School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tobar Mhuire
(Tobar na mBrathar) Tá ana chuid tobar beannuighthe i gCionn t-Sáile agus sa cheanntar timceall an bhaile. Ach ní'l aon cheann is mó trácht air ná Tobar na mBrathar. Tá an tobar so in aice leis an roilig ar a dtugtar "The Abbey". Sa tsean aimsir ba leis na bráithre bána an tearmonn sin agus is ann a bhí a mainistir go dtí gur cuireadh na mainistreacha fé chois le linn ré anbhruide Eilíse. Tá falla na sean mainstreach le feiscint sa roilig fós, agus leacht os cionn áit adhlachta na mbrathar.
Do réir béil oidis na h-áite seo do dhéin na bráithre úsáid d'usige an tobair a bhí cómhgharac dóibh. Tá sé i mbéal na ndaoine gur thaisbeain an Mhaigdhean Mhuire í fein go minic le h-ais an tobair agus gur fhág sí rian a coise ar chloich ann. Innstear an sgéal so leannas i dtaobh na cloiche iongantaighe úd.
Do thárla go raibh captaen luinge ann uair amháin agus bhí galar éigin ag luighe air. Tugadh an chloc do agus é ag dul amach sa bhfairrge. Níorbh fhada ón d-tír é nuair d'éirigh stoirm uathbhásac agus bhí an long i(continues on next page)- Collector
- Sinéad Ní Bhuadhaigh
- Gender
- Female
- Address
- Kinsale, Co. Cork