School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 010
- XML “Diarmaideach Seumais ag Meithil”
- XML “Freagra Eoghain Ruaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Le linn óige Dhiarmuideach Sheumais thárla go ndeaghaidh sé lá siar go sprúinleóir do fhear a chómhnuig in iarthar an pharóisde. Bé nós na h-aimsire sin ná go mbronnadh fear a' tíghe snaoísín is tobac go fial ar lucht an mheithil chun an laé[?] do chiorughadh dhóibh. Nuair a bhí feitheamh ró fhada ar an gcómhluadar thiar le teacht an snaóisín is an tobaic bhris ar bhfoidhne ar Dhiarmuid is dúbhairt sé "Dómhnall" - an fear sainnteach.
"A Dhómhnaill nách cóir go mbeadh snaois agat,
Dom shórdsa do seóladh le laoidhthibh tú,
No ní mó liom an fód so na phíte agam,
Na gnó tabhairt sa bFóghmhar dos na daoinibh duit." - "Bhí beirt sagart ag teacht o státhúin lá Chonnacadar Eóghan Ruadh ag teacht 'na gcoinnibh ar an mbóthair. Nuair a bhuaileadar uime chéile bhí fiach dubh istig i bpáirc i ngiorracht díobh agus é ag screadaig "Cad tá ag an bfiach ndubh san á rádh arsan sagart óg le h-Eóghan. Fhreagair Eóghan is dúbhairt
"Nuair a thiocfhaidh an mhíos mhór ar a [?]
Is loingheas na bhFrainnc ar Shliabbh Mis,
Is nuair a chaillidh na sagairt an t-shainnt
Neómsadsa cainnt an fhiach duibh."- Informant
- Seán Ua Céilleachair
- Gender
- Male