School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 056
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill aimsire ag feirmeóir fadó agus do chaitheadh sé dul go dtí an roilig leis an gcapall agus seasam,h leis nuair bheadh gach aoinne 'na gcodhladh. Aon oidhche amháin nuair chuaidh sé isteach sa roilig d'airig sé fothram éigin agus tháinig eagla air is rith sé isteach i dtig fheirmeóra agus d'innis sé a sceul. D'airig seana-bhean a bhí sa chúinne é agus dubhairt sí leis dhá mbeadh sí féin ábalta ar shiubhal go raghfhadh sí go dtí an Roilig agus ná beadh aon eagla uirthi. Dúbhairt an buachaill léi go mbéarfhadh sé fein go dtí an roilig í agus go gcuirfheadh sé geall ná seasóchadh sé leis an gcapall an oidhche sin. Nuair bhíodar ag geata na roilige do airigheadh an glór istig á rádh an bhfuil sí ramhar. Labhairt an buachaill is dúbhairt
"Seo dhuit í bhíodh sí ramhar no tanaidhe." le na línn sin chaith sé isteach i thar an geata. Luig sí is bhéic sí is léim sí amach thar an bhfalla agus rith sí abhaile i ndhiaidh an buachalla."Nuair is cruaidh don caillig;
Caitheann sí rith."- Informant
- Mícheál Ua Duinnín
- Gender
- Male
- Address
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork