School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 038
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó dárb ainm Cian na mBonn óir. Fear fáilteach flaitheamhail a beadh é ach dhein sé gníomh nár thaitn leis an sagart agus dúbhairt an sagart na a chaillfí é go mbeadh sé damanta. Bhí san go maith agus an Domhnach 'na dhiaidh bháis Cian na mBonn Óir bhí an sagart ceudhna a thug an breith air ag léig Aifrinn agus nuair d'iompuig sé amach chun an t-sheanamóin a thabhairt chonnaic sé an duine a bhí marbh - Cian ag gábhail [?]anios an t-séipéil is níor stad sé go dtí go raibh sé ag an althóir. Labhair sé annsan os gcómhair an phobuil is an t-shagairt is dúbhairt
"Mise Cian na mBonn óir
Ba shia mo lón ná mo shaoghal
Níor chuireas aoinne riamh as mo thig
Is níor cuireadh mé a' tigh Dé
A shagairt úd a thug an bhreith
Roimh bhreith Dé
An áit na dúbhraís mise bheith
Is ann a bheidh tú féin"- Informant
- Seán Ua Céilleachair
- Gender
- Male