School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 046
- XML “Scéal - An Spioraid i gCnoc Mhaol Domhnaigh”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Fé dheire ghaibh sagart an treó léim sí chuige mar ba ghnáth is dúbhairt
"Coinneall is coínnleóir ann
Is cá b'fuil an leath-rann san"
"Dá n-deinteá t-áithríghe in am
Ní bheithfá id samhail annsan" arsan sagart. Chómh luath is d'airig sí na focail sin d'imtig sí 'na splannc anáirde sa spéir agus níor cloiseadh thasg ná tuairisg uirthi riomh ó shoin - Mhair File ana ainmidhthe i Sliabh Luachra fadó dárbh ainm Aodhgáin Ua Rathaille. Nuair a bhí sé óg bhí mórán de rachmas agus de mhaóin an t-shaoghail seo aige ach nuair a chuaidh se i gcríonacht bhí sé árd dhealbh. Casadh é go dorus tíghe mhóir lá agus é críondha is an bás ag snámh air. B'é an ainm a bhí ar fhear a' tíghe ná Bailíntín Brúin a bhí tréis léimt isteach i bfeanantas na gCárthach. Thug sé masla no easnóir éigin don fhile agus do ghartuig an file chómh mór san go ndúbhairt sé.
"Do leathnuig an ciach diacrach tríom sheana chroidhe dúr,
Ar thaisteal na ndhiabhal iasachta i bfearann Chúinn chúghainn
Scamall ar ghrian iarthar dár ceartar Ríoghacht Múmhan
Fé n'deárr dom triall riamh ort a Bhailintín Brúin."