School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 092
  3. XML “Aisling na Maighdine Muire”
  4. XML “An Bhean Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An oidhche sar a céasadh Ár Slánuightheóir tháinig sé chun a mhathar agus dubhairt sé "cad na thaobh ná codhluigheann tú a mháthair" "Mar ní fhéadfhainn" ar sise "ar mo aisling dom im' leabaidh suain mheasas gur tháinig marcach caol dubh ar each caol donn sleadh cainibre nó dheas láimh chun é chur trí chroidhe an Ríogh glódhmhar. Béidh fuil an rígh glódhmhar san dhá gontadh amáireach" "Is fíor san a mháthair arsa" Ár Slánuightheóir. "Aoinne a dheanfhaidh an aisling seo trí uaire 'na luighe ar a leabaidh suain gheobhaidh sé Flaitheas Dé ar mo ghualainn se go brách.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
          1. the Holy Family (~429)
      2. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork
  2. Fadó ní raibh clog ag aoinne timcheall na h-áite seo agus sé an cuma 'na airighidís an t-am ná an fhaid suas a bhíodh an ghrian is an geallach san spéir. Aon oidhche amháin bhí fear ó Chúil Aodha ag dul go aonach Maghchromhdha agus in am mhairbh na h-oidhche d'éirigh sé agus amach leis féachaint cad é an fhaid suas san spéir a bhí an tréidín mar an oidhche céudhna thárla ná raibh aon gheallach san spéir. Nuair a chuaidh sé amach bhí dorchadas ceatha ann, agus gan tásc ná tuairisg ar aon reulthín agus bhí an fear bocht i gcruadhchás. D'fhanfadh sé go glaodhadh an choiligh ach ní raibh aon coiligh sa tigh agus níor dhéin sé pioch ach é fhéin d'ollmhughadh chun bóthair. Chuir sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.