School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 163

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 163

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 163
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go raibh scó nidhthe iongantacha in Éirinn ins an t-seana shaoghal: go raibh cuid de's na nidhthibh go maith is cuid aca ana olc. Tá sé ráidhte in aimsir na págántachta no sar a dtáinig an Críosteamhlacht go raibh scó ual-piastaí móra ar fúd na tíre. Deir daoine go raibh draoidheacht ortha agus deir daoine eile ná raibh ach go rabhadar mór uathbhásach cuibhtheach agus go n-ithidís na daoine. Tá sé ráidhte nuair a tháinig Naomh Pádruig gur dhibirt sé na piastaí seo go léir. Deirtear go raibh piast acu in iartha Co Corcaighe agus ná raibh aon bhliain ná go sloigfheadh sí roinnt daoine. Bhí scannradh ar mhuinntir an bhaill roimpe agus nuair a fuaradar an ráfla mar gheall ar Naomh Pádruig is go raibh sé ag dhíbirt na bpiast chuadar faoi na dhéin agus ghearánadar an scéal leis.
    D'iarradar air teacht agus í dhíbirt agus gheall sé dhóibh go dtugfhadh sé chómh luath agus do b'fhéidir leis é. I gcionn tamaill do tháinig sé agus stiúraidh na daoine é go dtí an áit 'na raibh an phiast agus tháinig Naomh Pádraig le na leabhar agus lé na bhata agus phrioc sé roimis amach í. Stiúraig sé siar tré Chlaodaig ì agus ó dheas go bun na Mangartan. Nuair tháinig sé go bun an chnuic ruagair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid A' Chotair
    Gender
    Male
    Address
    Doire na Sagart, Co. Cork