School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 057

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 057
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí flaith ann fadó agus bhí an t-aon mhac amháin aige agus bhí sé ana cheanamhail ar an mac. Nuair bhí an buachaill fásta suas cailleadh a máthair is fágadh an buachaill bocht 'na dhíleachtaí. Phós an t-athair arís is chaith an buachaill an tigh d'fhágaint Thug an t-athair cuig phunt do'n mhac agus é ag fágaint agus chómhairlig do féachaint amach go maith do fhein.
    Fuair an buachaill guna agus ghaibh sé na cnoic amach ag foghléireacht. Casadh socraidh air agus ní leigfheadh an sagart an corp do chur na roilig gan cúig púnt. D'íol [=D'íoc?] an buachaill an cúig púnt a bhí aige agus cuireadh an corp. Cúpla lá na dhiadh sin casadh fear ana shroinséara ar fhear na foghleíreachta. Dúbhiart an stroinséar leis an bhfear óg dul go dtí tigh a athar agus go raghfhadh sé féin na theannta agus go bhfiafruigheóchadh sé an capall is measa a bhí aige. Chómh maith san dúbhairt sé go dtabharfhadh bean a' tíghe deoch dóibh ar maidin agus iad ag gluaiseacht is go mbeadh nimh sa deoch agus leigint air an deoch d'ól agus é scaoileadh sa choirip an chapaill. Chómh maith san do dheineadar agus nuair bhíodar imthighthe tamall de'n bóthar thuit na capaill marbh. Fhilleadar tar-nais láithreach agus fuaireadar dá chapall a ghluaiseóchadh níos mire ná an ghaoth mhárta.
    Nuair shroiseadar an áit na raibh na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT0851: The Princess who Cannot Solve the Riddle
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ua Duinnín
    Gender
    Male
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork