School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 024
- XML “Toradh na Foidhne”
- XML “Géilleadh Oisín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is an cailín aimsire suas ag tórramh an leinbh.
Tréis tamaill bhuail chúcha isteach beirt fhear is shuideadar síos. D'fhiafruig sí do dhuine acu an fada uatha an lá Dúbhairt sé sin leis an nduine eile "A síogh an domhain cad é an t-am é." "Eirig" ar seisean "a bhean foidhneach is beir leat a chodhladh do leanbh." Níor chuir sí aon t-shúim ann. Dhúbhairt sé arís is arís é. Mheas an bhean gur ag magadh fúithe bhí sé ach lean sé air á rádh. Fé dheire chuaidh an bhean anonn chun an bhúird is ann a chonnaic sí an leanbh slán folláin is é 'na sámh codhladh D'imtig an bhean léi ina codhladh agus rug sí léi an leanbh agus is sí bhí go sásta. - Mhínigh Naomh Pádraig an creideamh do Oisín ach ní chreidfeadh sé go raibh no go bhféadfadh Dia bheith níos feárr ná na Fianna. Chaith an naomh alán ama ag réiriú do ach ní ghéillfeadh Oisín do in aonchor in aonchor. Mar seo lá ba mhór é an t-aragóint a eirig eatartha is ghaibh roinnt feirge ar an naomh. Le cómhachtaibh Dé d'eirig leis teinteacha Ifrinn do thaisbeáin do Oisín is nuair a chonaic Oisín bocht an Fhiann uile ag loisgeadh istig tháinig tocht mór(continues on next page)
- Informant
- Seán Ua Céilleachair
- Gender
- Male