School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 021
- XML “Scéal an Tobaic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear a bhí ann agus bhí a mhac ag chaitheamh tobaic i gcanfhios do. Bhí an t-athair ag tabhairt milleán do is dúbhairt sé.
"Ní gal phíopa id chaibín ní ba chóir a thabhairt
Ach slaitín dod easnín chun é d'ól ar dtúis
Tá do spaigín ar neamh-nídh is do bhróg gan bonn
Is gal phíopa id caibín ag dóghadh do ghnamhais"
Labhair an mac annsan g'á fhreagairt is dúbhairt
Ní hé an stuif is ní h-é an taif é
Ní h-é an mangalum fuar ná tais é
Ní h-é an bhfeirm 'a nDiabhail na Cathair an larsa,
Ná níor loit sé mó ghnó orm, ach tobac súghach, sághach, deighbhlasda,
A tháinig thar sáile an tarna lá de Fheabhra, go mfhiú cúig punt gac tarrac de
Gheóbhfá faid eirbeall budóige ar phingin
Bhainfheadh sé srath ón srón, gáire tar meón, cnuibh ón bhfiacal is an diabhal ón anam- Informant
- Tadhg Ua Céilleachair
- Gender
- Male
- Address
- An Doirín Álainn, Co. Cork