School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 026
- XML “Naomh Laitearn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thiar i gCuileann a chómhnuig Naomh Laitiarn i dtig beag le na athair. Gach maidin théigheadh an naomh chun chéardchan is bheireadh sí léi an spríos abhaile chun na teine d'adúghadh. Níor dhein Naomh Laitiarn peaca riamh agus in a haprún a bheireadh sé léi an spríos is ní dóghadh sé é in aonchor.
Mar seo lá d'eirig an Naomh agus b'í ba thúisge a bhí na suidhe mar ba ghnáth. D'imtig sí léi chun na céardtan chun an spríosa a bhreith léi. Maidean Samhraidh a bhí ann is bhí Naomh Laitiarn cosnochtuighthe. Nuair bhí an spríos bailighthe léi ina h-aprún bhí sí ar thí imtheachta nuair a labhair an Gabha léi is dúbhairt. "Nách deas an dá chois atá agat" ar seisean. D'en cheud uair riamh tháinig móráil ar an Naomh agus d'fheuch sí síos an na cosaibh. Bhí an peaca deunta aici annsan is dhóghadh na sméaróidí a h-aprún agus theip uirthi an spríos a thabhairt léi 'na h-aprún as san amach. Chómh luath is bhí fhios ag Naomh Laitiarn cad a bhí deunta aici bhí sí ar ghealaig is leag sí mallacht ar an gcéardtain. Ó shoin i leith níor tógadh ceárdhtha i gCuileann cé gur minic dóibh iarracht a thabhairt féi.- Informant
- Seán Ua Céilleachair
- Gender
- Male