School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 158
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Fiannaíocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Scaóil díom ceann dom' bhróaibh" arsan fear "agus beir chun na h-abhann í agus líon d'uisge í agus tabhair chúgham í go n-ólad deoch. Chrom an cailín síos is scaóil sí dhe a bhróg agus rug sí go ddtí an abainn í. Tháinig sí chuige tar-nais airís is shín sí chuige an bhróg lán d'uisge. Thó an fear an bhróg is d'ól sé an méid uisge a bhí innte. Annsan d'fhiafhruig an cailín de "cad é an saghas daoine sibh no cad a mhairbh sibh go léir. Labhair an fear is dúbhairt.
    "Triúr is cúigear ó'n Scairt,
    Fear agus seacht o Bhórd O Níghean,
    Agus is fíor gur sinn a dhein an cómhrac ceart,
    Ar an Ínsín ghlais ar bhruach na Síon."

    Nuair bhí an méid sin ráidhte aige shín sé siar a ceann is fuair sé bás leis agus bhíodar go léir marbh annsan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fadó ins an t-seana shaoghal abfad siar ins na cianta sar a raibh aon Chriosteadacht in Éirinn agus nuair ná raibh ann ach doirchidheacht is Págántacht bhí tobairín i gCíll Áirne tréit (?) scéich (?) amach 'na locaibh agus siad san na locha go bhfuil an cáil mhór ortha anois. San san bhí taraingreacht imeasg na ndaoine bhí sé ráidhte go raghadh an t-uisge go léir síós ins an dtobar airít uair éigin agus go mbeadh an dúthaidh go léir 'na thráig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid A' Chotair
    Gender
    Male