Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “Luibheacha Coitianta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    SÚGHADH na CUPÓIGE
    a leigheasfhadh dóghadh neantóige
    LÍON RUDHÁN ALLA
    Stopfhadh sé fuil a bheadh ag teacht o chneadh i mbeithídhig alltha.
    ACHAR LUACHRA
    a fhásann i bféitheacha fhuara atá ar fheabhas chun cois a' chapaill a chlogadh nuair bheadh acíd eigin air.
    PLÚR
    nuair a dhéanfá é théigheadh go n-iompóchadh sé donn leigheasfhadh sé Ruachtach.
    LUIBH an DÓIGHTEÁN
    Toradh a fhásann ana íseal agus bíonn sé a' fás in aice gach tíghe. Deirtear ná raghfhadh an tighe tre theine le tinóisg in aonchor faidh a bheadh sé ag fás 'na aice
    MINÚCH
    a fhásann sa chnoc nuair a dheinfá é tharrac priogóid maith iseadh a t-uisge go mbíonn sé tarraicighthe ann.
    CAISREABHÁN
    Dheintear é do tharrac in uisge agus laghaisine ana mhaith isead an t-ól sin a thógaint.
    FAITHINGE
    D'á gceangaleócha rib a' chapaill tímcheall air d'imteóchadh sé, no d'á gcimilteócha uisge a bhíonn i gcarraig leis leigheasfhadh sé é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge