School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 126
  3. XML “Máire Gá agus na Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí daoine 'na gcómhnuidhe in-aice leasa, agus bhí aon inghean amháín acha, agus peata mór ab' eadh í. Ní dheanfadh sí aon stróc oibre ó cheann ceann na bliana.
    Bhí bean bocht ag gabháil tímcheall na h-áite agus gheibheadh sí lóistín na h-oidhche uatha san aon uair a gabhadh sí an treó. Gach uair a fhan sí ann do thug sí fé ndeara ná tabharfadh an cailín isteach uisge glan agus ná sguabfhadh sí an tig ná, ná níghfeadh sí na h-árthaí, bhí an seana bhean istig aon oidhche amháín agus bhí bacla tuighe in aice na teine aici mar leabaidh.
    Ní raibh sí abhfhad sa leabaidh nuair a oscail an dorus agus tháinig beirt ban isteach. Do chúaidh duine aca go crúsga an uisge agus bhí uisge salach ann, dúbhairt sí leis an bhean eile, caithfimíd an cailín a bhreith linn anocht nó riamh mar táimíd ag teacht annso gach oidche ar feadh sé bliadhna déag agus ní raibh uisge glan ann aon uair agus ní raibh na h-ártaí nighthe ná an teinteán sguabtha ar feadh na h-aimsire sin go léir, thabharfhaimíd aon seans amháin di anocht arsan bhean eile agus b'fhéidir go mbeadh sé déanta aici istoidhche amáireach. "Andaigh ní tabharfaimíd arsan bhean eile "mar tá seans a dóithin tabhartha againn di cheana agus is ag dul in olcas atá sí gach lá," "tá go maith" arsan bhean eile "ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ua Laoghaire
    Gender
    Male